Bunreacht Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge leasaithe

Peann agus páipéar

Ag Cruinniú Speisialta na mBall i nGaillimh inniu, glacadh d'aonghuth le gach ceann de na leasuithe bunreachta a mhol an Coiste Stiúrtha.

Deineadh na leasuithe chun míréir a bhaint as an téacs a bhí ann, agus chun riar na gcruinnithe Coiste agus na nOllchruinnithe a fheabhsú.

Agus na rúin á gcur roimh an Chruinniú, fuarthas amach go raibh leaganacha éagsúla den Bhunreacht foilsithe.

Ceartaíodh na leasuithe ó thaobh uimhriú na nAlt, agus soiléiríodh ábhar na nAlt a bhí i gceist le gach leasú sarar cuireadh faoi thuairim an chruinnithe iad.

Scaipfear an bunreacht leasaithe críochnúil ar na baill gan mhoill.

Tá sé ar an láthair seo chomh maith: féach anseo.