Aontas na Scríbhneoirí ag tacú le ráiteas PEN Idirnáisiúnta ar son na hÚcráine

Foilsíodh an ráiteas ar son na síochána san Úcráin agus ainmneacha leis ó bhreis is 1,000 scríbhneoir ar fud an domhain, duais-scríbhneoirí Nobel ina measc, ar shuímh ghréasáin idirnáisiúnta an tseachtain seo. Thacaigh Aontas na Scríbhneoirí leis an éileamh a fuaireamar trí PEN na hÉireann, gan ach seal cúpla uair a chloig againn leis na síniúcháin a bhailiú.