Comórtais Liteartha an Oireachtais 2021

Aitheantas poiblí, aischothú na moltóirí agus duaischiste an-fhiúntach a mheallann slua scríbhneoirí Gaeilge chuig na Comórtais Liteartha gach bliain. Tá luach os cionn €27,000 ar fáil idir 29 comórtas san iomlán i mbliana, 15 acu sin do scríbhneoirí fásta agus 14 cinn do scríbhneoirí óga. Tá gach eolas agus foirm iontrála ar fáil ar shuíomh an Oireachtais.