Buaiteoir Leabhar Ficsin Ghaeilge na Bliana 2023 - 'Imram agus Scéalta Eile' le Róise Ní Bhaoill

Buaiteoir Leabhar Ficsin Ghaeilge na Bliana 2023 - 'Imram agus Scéalta Eile' le Róise Ní Bhaoill

Aréir ag ócáid bhliantúil An Post Irish Book Awards, in Ionad na Comhdhála i mBaile Átha Cliath, fógraíodh buaiteoirí na duaiseanna leabhar, agus Gradam Fhoras na Gaeilge, ‘Leabhar Ficsin Gaeilge na Bliana’ san áireamh. Seo an chéad bhliain a bhí spotsolas ar leabhar ficsin amháin sa chatagóir seo.

B’é Imram agus scéalta eile le Róise Ní Bhaoill a ainmníodh mar bhuaiteoir an ghradam. Deir an t-údar Róise Ní Bhaoill: “Is mór an onóir agam an gradam seo a bhaint. Is aitheantas é ní amháin do muid chuid oibre féin ach fosta do na scríbhneoirí eile atá ag saothrú sa teanga. Mo bhuíochas do Fhoras na Gaeilge, do na moltóirí agus, ar ndóigh dár léitheoirí, pobal na Gaeilge. Suífidh an dealbh idir mo dhá bhaile, Béal Feirste agus Rann na Feirste”.

I láthair ar an oíche bhí foilsitheoir an leabhar Imram agus scéalta eile, Eoghan Mac Giolla Bríde, ó Éabhlóid, deir sé gur “mór an onóir é agus is deas an rud é dúinne mar fhoilsitheoirí nuair a thagann scríbhneoir chugainn le scéalta chomh maith agus chomh dea-scríofa. Tá sé suntasach fosta gurb í Róise an chéad bhean a bhuaigh an duais seo agus guíonn muid gach rath uirthi.”

Cúig leabhar ficsin a bhí san iomaíocht don duais i mbliana a bhí urraithe ag Foras na Gaeilge. Tá an Foras ag tacú le catagóir na leabhar Gaeilge ó 2018, deir Regina Uí Chollatáin, cathaoirleach bhoird Fhoras na Gaeilge gur "ceiliúradh iontach atá sa ghradam seo ar scríbhneoireacht agus ar fhoilsitheoireacht na Gaeilge. Tugann sé an t-aitheantas atá tuillte ag ár scríbhneoirí chomh maith le léargas ar an méid a bhaineann siad amach i ngach seánra scríbhneoireachta. Tá scríbhneoireacht na Gaeilge faoi bhláth".

Ar an ngearrliosta i mbliana bhí trí leabhar foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht, ceann ag Leabhar Breac agus ceann ag Éabhlóid:

  • Imram agus scéalta eile le Róise Ní Bhaoill, foilsithe ag Éabhlóid
  • Ceallach le Diarmuid Johnson, foilsithe ag Leabhar Breac
  • Ag Dul i bhFad le Alan Titley, foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht
  • Béal na Péiste le Fionntán de Brún, foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht
  • Sa Pholl Báite le Anna Heussaff, foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht

Tá eolas ar na buaiteoirí uile ar fáil ag https://www.irishbookawards.ie/.