Leitheoiri.ie ina dheis agus ina thaca do phobal na leabhar

Léitheoireacht agus léirmheastóireacht na Gaeilge a chur chun cinn ar iliomad slite atá mar sprioc leis an tionscadal. Beidh lárphointe eolais ar fáil ar leabhair nua-fhoilsithe, ar shiopaí agus acmhainní eile don léitheoir, agus spreagfar foilsiú léirmheasanna. Fáilte roimh scríbhneoirí agus léitheoirí eile páirt a ghlacadh sa suirbhé gairid ar an suíomh. Tá seoladh rphoist ar fáil le tuilleadh eolais a lorg.