Scríbhneoir Conallach i gCathaoir ASG

Toghadh Proinsias Mac a' Bhaird d'aon ghuth ina Chathaoirleach ar Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge nuair a tionóladh Cruinniú Cinn Bliana na heagraíochta ar líne inniu.

Atoghadh Anna Heussaff ina Runaí gan freasúra, agus Mícheál Ó hUanacháin ina Chisteoir mar an gcéanna.

D'éirigh Áine Ní Ghlinn, Alan Titley agus Tadhg Mac Dhonnagáin as an gCoiste Stiúrtha.  

Atoghadh Réaltán Ní Leannáin, Cathal Póirtéir, Éilís Ní Dhuibhne agus Celia de Fréine, agus toghadh Sadhbh Devlin agus Labhrás Ó Finneadha gan freasúra do na folúntais.

Le linn an chruinnithe, thug Celia De Fréine tuairisc ina raibh achoimre ar an obair atá déanta ag an Aontas le blianta beaga anuas, ainneoin na ndeacrachtaí a chruthaigh an phaindéim sláinte le dhá bhliain anuas go háirithe, agus d'fhógair sí go bhfuil sé i gceist cruinnithe den Aontas a reachtáil ar line amach anseo, mar áis do na baill atá lonnaithe thar lear. Bhí baill ón Astráil, ó Stáit Aontaithe Mheiriceá, ón nGearmain agus ó Lucsamburg i láthair ag cruinniú an lae inniu.

Thug comhghleacaithe Coiste agus gnáthbhaill den Aontas araon moladh mór do Celia de Fréine as an stiúir stuama a thug sí don eagraíocht le linn na gceithre bliana a chaith sí sa Chathaoir.

Bhronn Coiste an Aontais crobhaing bláthanna ar an iar-Chathoirleach, bronntanas a seachadadh chuici go gairid tar éis an chruinnithe.