Bí i do bhall

Cuireann Aontas na Scríbhneoirí glór, ardán agus tacaíocht ar fáil do scríbhneoirí na Gaeilge. Níl ach táille €20 sa bhliain mar chostas ballraíochta.

Baill reatha

Sínigh isteach anseo chun do bhallraíocht a athnuachan nó do chuntas a leasú.

Níl mo phasfhocal ar eolas agam

Cad é ról an Aontais?

  • Idirbheartaíocht agus comhoibriú a dhéanamh le heagraíochtaí a mbíonn tionchar acu ar shaol na scríbhneoirí
  • Bheith ina fhoinse eolais do scríbhneoirí maidir le deiseanna maoinithe, sparánachtaí, coimisiúin, comórtais liteartha, ócáidí liteartha agus eile
  • Fóram a chur ar fáil do scríbhneoirí ag cruinnithe rialta agus ar líne
  • Áiseanna poiblí ar nós Eolaire na Scríbhneoirí Gaeilge a fhorbairt

Féach ár gcuid spriocanna agus an méid atá bainte amach againn cheana féin anseo.

Cé dóibh an tAontas?

Tá fáilte roimh gach cineál scríbhneora mar bhaill.

Buntáistí breise do bhaill

  • Scéim chónaithe do bhaill
  • Táillí laghdaithe ar chomórtais scríbhneoireachta áirithe
  • Leathanach próifíle poiblí ar shuíomh an Aontais do bhaill ar mian leo é (ag teacht go luath)