'An Chos Eile' le Seán Mac Dhonnagáin 27-28 Samhain 2023

'An Chos Eile'  le Seán Mac Dhonnagáin 27-28 Samhain 2023

Beidh an dráma nua Gaeilge An Chos Eile scríofa ag Seán Mac Dhonnagáin á léiriú in Amharclann Axis i mBaile Munna 27-28 Samhain ag 20:00.

Is féidir ticéad a cheannach ag https://axisballymun.ticketsol...

Beirt pheileadóirí Gaelacha iad Brian agus Cathal, agus tús á chur acu le séasúr nua leis an gclub áitiúil. Ach nuair a phógann siad a chéile gan choinne tar éis an chéad chluiche, ní fada go dtuigtear dóibh go bhféadfadh an cor nua sa chaidreamh eatarthu teacht salach ar a saol sa spórt. Agus an séasúr ag leanúint ar aghaidh agus an caidreamh ag dul i ndoimhneacht, an féidir leo an fhírinne a insint don fhoireann? Scéal teacht in aois é An Chos Eile agus scrúdú ar an aiteacht i spórt na bhfear.

Stiúrthóir: Em Ó Ceallaigh.

Arna léiriú ag Kevin Johnston ar son AerachAiteachGaelach. 

Forbraíodh An Chos Eile faoin scéim Axis Assemble/Axis as Gaeilge 2020-2021, agus tá an léiriú seo á chur ar fáil le maoiniú ó Fhoras na Gaeilge. Bhuaigh an dráma comórtas an Oireachtais do Dhráma Aonghnímh in 2023.