Clár na Féile IMRAM seolta!

Tá clár na féile IMRAM 2023 seolta. Beidh an fhéile ar siúl 18-21 Deireadh Fómhair agus 10-18 Samhain i mBaile Átha Cliath.

I measc na n-imeachtaí a bheidh ar siúl:

  • Seolfar úrscéal nua Anna Heusfaff, Sa Pholl Báite, in Áras na Scríbhneoirí ar an 18 Deireadh Fómhair ag 6:30in.
  • Beidh léiriú ilmheánach ó Úna Monaghan agus cliar d'ealaíontóirí eile ar théama na géarchéime aeráide faoin teideal 'Rabhadh Gan Ghníomh' in Amharclann Smock Alley ar an 19 Deireadh Fómhair ag 8:00in.
  • Beidh léamh drámatúil d'aistriúchán clúiteach Sheáin Uí Chuirrín ar Dracula le Bram Stoker, á stiúradh ag Bríd Ó Gallchóir agus á léiriú ag Caitríona Ní Mhurchú agus Tim Creed, in Amharclann Smock Alley ar an 21 Deireadh Fómhair ag 8:00in.
  • Beidh comhrá speisialta ag Cathal Póirtéir le hÉilís Ní Dhuibhne faoin teideal 'An Tiarna George Hill agus Pobal Ghaoth Dobhair' sa Chester Beatty i gCaisleán Bhaile Átha Cliath ar an 11 Samhain ag 3:00in.
  • Beidh léiriú fileata ceoil le Martin Hayes, Neil Ó Lochlainn agus Aifric Mac Aodha faoin teideal 'Emain Ablach' in Amharclann Smock Alley ar an 18 Samhain ag 7:30pm.
  • Agus go leor eile nach iad!

Gach eolas agus ticéid ar shuíomh IMRAM: imram.ie.