Dámhachtain do Thionscadal Litríochta

Fáilteoidh an Chomhairle Ealaíon roimh iarratais ó scríbhneoirí aonair, grúpaí scríbhneoirí, foilsitheoirí, irisleabhair, féilte, siopaí leabhar agus maisitheoirí ar an scéim maoinithe seo ar luach suas go €20,000 do thionscadail litríochta ar leith. An spriocdháta ná Déardaoin 10 Meán Fómhair agus tá gach eolas anseo.