Deis do scríbhneoirí scripte teilifíse le Fíbín

Tá scríbhneoirí scripte nua á lorg ag Comhlacht Teilifíse Fíbín le haghaidh míreanna don scáileán/ar líne ar nós na ndrámaí cúig nóiméad a bhíonn le feiceáil ar BLOC ar TG4. An spriocdháta ná 3 Meán Fómhair. Tuilleadh eolais le fáil ach rphost a chur chuig doireann@fibinmedia.ie.