Tuarascáil ar ‘Earnáil Scríbhneoireachta, Foilsitheoireachta agus Léitheoireachta na Gaeilge’

Chéad leathanach an tuarascála

Tá tuarascáil nua curtha le chéile ag Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Pobal Labhartha na Gaeilge ar ‘Earnáil Scríbhneoireachta, Foilsitheoireachta agus Léitheoireachta na Gaeilge’. Seoladh an tuarascáil go hoifigiúil ag Oireachtas na Samhna 2023 agus tá sé ar fáil don phobal ar líne anois.

Tá neart moltaí ar fáil sa tuarascáil a rachadh chun leasa na Gaeilge agus scríbhneoireacht, dá gcuirfí i bhfeidhm iad. D'eascair an tuarascáil as cruinnithe de chuid an chomhchoiste inár n-éist siad le foilsitheoirí, scríbhneoirí agus grúpaí pobail san earnáil. Bhí ionadaithe de chuid Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge os comhair an chomhchoiste i 2022.

Is féidir an tuarascáil iomlán a léamh ag an nasc seo: Tuarascáil.