Spriocdháta 26 Bealtaine do chomórtas gearrscéalta RTÉ

Spriocdháta chomórtas RTÉ/Francis MacManus ná Dé hAoine 26 Bealtaine 2023. Ceadaítear scéalta i mBéarla nó i nGaeilge a bhfuil 1800 - 2000 focal iontu. Bhí scéal Gaeilge amháin ar an ngearrliosta anuraidh. Tá gach eolas agus scéalta ghearrliosta 2022 anseo ar shuíomh RTÉ. Bígí ag scríobh!