Gradaim An Post Irish Books agus Leabhar Ficsin Ghaeilge na Bliana 2023

Fógrófar buaiteoir na duaise Leabhar Ficsin Ghaeilge na Bliana atá á urrú ag Foras na Gaeilge Dé Céadaoin 22 Samhain. Ag ócáid mhór san Ionad Comhdhála i mBaile Átha Cliath a fhógrófar buaiteoirí uile na Irish Book Awards a bhfuil an duais Ghaeilge mar chuid de. 

Ár gcomhghairdeas arís leis na scríbhneoirí a bhfuil saothar leo luaite ar an ngearrliosta do Leabhar Ficsin Gaeilge na Bliana:

  • Sa Pholl Báite - Anna Heussaff
  • Béal na Péiste - Fionntán de Brún
  • Ceallach - Diarmuid Johnson
  • Imram agus scéalta eile - Róise Ní Bhaoill
  • Ag Dul i bhFad - Alan Titley

agus leis na baill a fuair ainmniúchán i gcatagóirí eile na ngradam.

  • Téasáras Gaeilge-Béarla | Irish-English Thesaurus le Garry Bannister sa chatagóir 'TheJournal.ie Best Irish Published Book of the Year'
  • The Story of Elizabeth le Celia de Fréine, iarchathaoirleach an Aontais, sa chathagóir 'Writing.ie Short Story of the Year 2023'.

Go n-éirí leo ar fad Dé Céadaoin!