Bronnadh Chorn Uí Néill

Laoighseach Ní Choistealbha ag glacadh leis an duais

Thionól Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge lá imeachtaí i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich ar an Satharn 30 Meán Fómhair, ar a raibh Bronnadh Chorn Uí Néill 2023.

Bhí seisiún Salon roimh lóin ann, a tharraing caint fíor-spéisiúil ar an gceist "Cad Chuige Filíocht?"

Tar éis bhronnadh an Choirn (agus seic €500) ar Laoighseach Ní Choistealbha, chuaigh Cathaoirleach an Aontais, Proinsias Mac a' Bhaird, sa chathaoir i mbun léamh filíochta sa tráthnóna, a fuair éisteacht mhaith ón dtionól beag a bhí i láthair.