Ollchruinniú Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge ag Oireachtas na Samhna

Lucht freastail ollchruinniú Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge ag Oireachtas na Samhna 2023

Bhí cruinniú an-fhiúntach againn ag Oireachtas na Samhna Dé Sathairn 4 Samhain. Rinneadh plé ar obair an Aontais le déanaí agus bhí cur i láthair againn ó rúnaí an choiste, Anna Heussaff, ar threoirlínte atá dréachtaithe againn maidir le conarthaí idir scríbhneoirí agus foilsitheoirí. Bhí plé oscailte againn ansin agus pointí tábhachtacha á n-ardú ag an lucht freastail. Beidh ócáid á reáchtáil againn arís i mí Eanáir chun tuilleadh plé a dhéanamh ar na treoirlínte.

Is féidir féachaint ar na treoirlínte trí bhallraíocht a ghlacadh leis an Aontas (féach https://www.aontasnascribhneoiri.ie/ga-IE/baill/) agus teagmháil a dhéanamh linn.

Chomh maith leis sin, rinne an t-ollchruinniú ráiteas a aontú maidir le deireadh a bheith tagtha leis an iris Feasta. Dúradh:

"Gan bealach ag scríbhneoirí a gcuid oibre a chur os comhair an phobail, níl cúram déanta de bhuanú sin na teanga. Imeacht Feasta, créacht mhór eile i gcorp na Gaeilge."

Is féidir an ráiteas iomlán a léamh ag Ráiteas an Aontais maidir le Feasta.

Táimid an-bhuíoch de gach éinne a bhí i láthair, de na daoine a bhí páirteach i ndréachtú na dtreoirlínte, d'Anna as dul tríothú linn ar an lá agus de Ghearóid Denvir, uachtarán reatha an Oireachtais, a labhair ag tús ollchruinniú na bliana seo.