Tionscadal forbartha ar Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge

An té atá á lorg

Tá duine cumasach, díograiseach, eagraithe á lorg mar bhainisteoir páirtaimseartha ar obair an Aontais don tréimhse Meán Fómhair – Nollaig 2022. Faoi stiúir bhaill choiste an Aontais, beidh an duine sin ag obair as a stuaim féin agus de réir sceideal ama dá rogha féin.

Na cúraimí oibre

Is é aidhm an tionscadail ná forbairt ar sheirbhísí tacaíochta an Aontais dár mbaill, méadú ar líon na mball, neartú ar an ngréasán comhoibrithe le heagrais chultúrtha eile agus tacú le borradh na scríbhneoireachta Gaeilge. Tiocfaidh na cúraimí oibre seo i gceist:

  • Fógraí maidir le deiseanna do scríbhneoirí agus imeachtaí liteartha a thiomsú agus a scaipeadh ar na baill go rialta;
  • Obair an Aontais a chur chun cinn ar shuíomh an eagrais agus ar na meáin shóisialta;
  • Uasdátú agus poiblíocht ar Eolaire na Scríbhneoirí, bunachar atá ar an suíomh www.aontasnascribhneoiri.ie;
  • Aighneachtaí a scríobh don Aontas, faoi stiúir an choiste;
  • Obair eile taighde agus riaracháin a aontófar ó am go ham.

Na cáilíochtaí

  • Eolas ar shaol liteartha agus cultúrtha na Gaeilge in Éirinn agus thar lear;
  • Gaeilge labhartha agus scríofa atá cruinn, líofa;
  • Scileanna cumarsáide idirphearsanta, scríofa agus ar na meáin shóisialta;
  • Bheadh taithí oibre inmhianaithe in eagras cultúir/cumarsáide/riaracháin

Maoiniú agus táille

Tá maoiniú gearrthréimhseach ar luach €11,000 curtha ar fáil ag Foras na Gaeilge don tionscadal, mar aon le costais suas go €500 ar chaiteachas a aontófar.

Beidh bainisteoir an tionscadail ag obair ón mbaile nó ar láthair eile dá rogha, ar bhonn féinfhostaithe faoi réir na socruithe cánach a ghabhann leis sin. Is ar an mbainisteoir a bheidh an fhreagracht an obair a chur i gcrích de réir mar a shocrófar le linn na tréimhse. Déanfar íocaíochtaí ar bhonn sonrasc a chuirfear ar fáil don choiste. 

Spriocdháta agus próiseas roghnúcháin

An spriocdháta ná 5pm Dé hAoine 19 Lúnasa. Cuir CV agus litir iarratais as Gaeilge chuig eolas@aontasnascribhneoiri.ie. Cuirfear agallaimh ar siúl ar zúm ar 25 nó 26 Lúnasa.