Ócáid cheiliúrtha ar thionscadal liteartha Focail Eile

Seolfar Díolaim, bailiúchán de shaothar próis agus filíochta na scríbhneoirí a bhí páirteach le Focail Eile ag an ócáid seo. Aifric Mac Aodha, Cathal Póirtéir, Colm Ó Ceallacháin, Diarmuid de Faoite agus Réaltán Ní Leannáin le cloisteáil mar aon le léamha i bhFreaslainnis agus i mBascais.