Gradaim Foilsitheoireachta Oireachtas na Gaeilge 2023

Pictiúr de na leabhair a bhuaigh gradaim foilsitheoireachta an Oireachtais 2023

Gradaim Foilsitheoireachta Oireachtas na Gaeilge

Comhghairdeas mór leis na foilsitheoirí agus na scríbhneoirí ar bronnadh gradam orthu le deireanas i nGradaim Foilsitheoireachta Oireachtas na Gaeilge, go háirithe beirt bhall de chuid an Aontais, Sadhbh Devlin agus Darach Ó Scolaí. Tréaslaímid á n-éacht leo!


Gradam Uí Shúilleabháin Leabhar na Bliana don Léitheoir Fásta

Béal na Péiste le Fionntán de Brún

Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht


Gradam Réics Carló Leabhar na Bliana don Léitheoir Óg

Amuigh Faoin Spéir le Sadhbh Devlin

Maisitheoir: Brian Fitzgerald

Foilsitheoir: Futa Fata


Gradam de Bhaldraithe Leabhar na Bliana do Shaothar aistrithe go Gaeilge ó Theanga Eile

Cuairt San Nioclás le Darach Ó Scolaí

Foilsitheoir: Leabhar Breac


Comhghairdeas freisin le baill de chuid an Aontais a raibh saothar leo ar ghearrliostaí na ngradam: Áine Ní Ghlinn, Antain Mac Lochlainn, Bernadette Nic an tSaoir, Caitlín Nic Íomhair, Gabriel Rosenstock, Máire Zepf, Meadhbh Ní Eadhra agus Micheál Ó Conghaile.

Gach eolas ag antoireachtas.ie.