Ceardlann ar an bhFantaisíocht agus an Ficsean Eolaíochta le Seán Ó Muireagáin

Íomhá d'eolas na ceardlainne le Seán Ó Muireagáin

Beidh ceardlann ar an scríbhneoireacht fantaisíochta agus ar an bhficsean eolaíochta ar siúl againn leis an údar clúiteach, Seán Ó Muireagáin, in Áras Newman in UCD agus ar Zoom, Dé hAoine 17 Samhain ag 18:00.

Is scríbhneoir filíochta, amhrán agus gearrscéalta é Seán Ó Muireagáin. Tá 35 bliain caite aige ag obair in earnáil an Ghaeloideachais sna Sé Chontae, mar ghníomhaí, mar mhúinteoir naíscoile agus bunscoile agus, le 20 bliain anuas, mar Oifigeach Comhairleach. Tá dhá chnuasach gearrscéalta foilsithe aige, Gáire in Éag (2018) agus Bádh B'fhéidir (2022). Bhí Bádh B'fhéidir ar ghearrliosta Ghradam Leabhar na Bliana An Post 2022 agus bhuaigh an scéal 'An Chóir Chodlata' Duais an Mhaolánaigh i gcomórtas liteartha an Oireachtas 2018.

Labhróidh Seán linn faoi sheánraí scríbhneoireachta na fantaisíochta agus an fhicsin eolaíochta agus cleachtadh na seánraí sin sa Ghaeilge. Beidh líon teoranta spásanna ann, mar sin de, más spéis leat freastal uirthi, seol ríomhphost chugainn ag eolas@aontasnascribhneoiri.ie