Cruinniú Oscailte ag Féile an Oireachtais

Beidh cruinniú oscailte an Aontais ar siúl le linn Fhéile an Oireachtais ag 10.30am Dé Sathairn 5 Samhain i Svuít na Páirce in óstán an Brehon. Téama na hócáide ná ‘Ag scríobh don scáileán – beag agus mór’ agus ar an bpainéal beidh:

Alan Esslemont, ardstiúrthóir TG4

Siobhán Ní Ghadhra, Danú Media/Ros na Rún agus

Cúán Mac Conghail, léiritheoir scannáin agus teilifíse le Macalla (a thuill cáil i mbliana don mhórscannán Róise agus Frank).

Tá fáilte is fiche roimh chách – baill an Aontais, cairde is comhghleacaithe, scríbhneoirí nach baill iad (fós!).

Tuilleadh sonraí ag Dé Sathairn || An tOireachtas

Beidh ócáidí liteartha ar siúl an iarnóin chéanna in Óstán Gleneagle: an Chúirt Filíochta ag 1.30pm agus deis ag filí nua is aitheanta araon a saothar a léamh; mórsheoladh ag Leabhar Breac ag 3.00pm; léamha próis arna eagrú ag Cló Iar-Chonnacht ag 4.00pm; agus trí mhonológ a scríobhadh go speisialta d’Oireachtas na Samhna á gcur i láthair ag AerachAiteachGaelach ag 5.30pm.