Iarratais á lorg do Scéim Meantóireachta 2021

Fáilteofar roimh iarratais ó scríbhneoirí ar mian leo treoir is taca meantóra a fháil i gcaitheamh bliana ar shaothar atá idir lámha acu, agus roimh iarratais ó scríbhneoirí aitheanta ar mhaith leo an obair meantóireachta a dhéanamh. Íoctar táille leo araon agus cuirtear ceardlanna ar siúl don ghrúpa uile. Deis den scoth í ach iarratais a chur isteach in am!