Bainisteoir sealadach ceaptha

Stiofán Ó Briain

Is deas leis an Aontas a fhógairt go bhfuil Bainisteoir ceaptha againn don tréimhse Meán Fómhair go Samhain 2023. Is le cabhair mhaoinithe ó Fhoras na Gaeilge atá an ceapachán á dhéanamh.

Mac léinn dochtúireachta é Stiofán Ó Briain a bhfuil taithi leathan aige ar obair riaracháin ar bhonn deonach cheana féin, ina Rúnaí ar AerachAiteachGaelach, ina Oifigeach Ballraíochta do Chlub Chonradh na Gaeilge agus ag feidhmiú ar chúrsaí meán do Chumann Mhic Léinn na Ceiltise.

Gúimid gach rath ar a thréimhse ag feidhmiú leis an Aontas.