Bronntanais Nollag na Comhairle Ealaíon do scríbhneoirí Gaeilge

Den chéad uair riamh, tá polasaí don litríocht Ghaeilge foilsithe ag an gComhairle agus tá ciste léirmheastóireachta, scríbhneoirí cónaithe, MA scríbhneoireachta agus coimisiúin taighde i measc na mbeart atá ann.

Chomh maith le sin, tá beartaithe ag an gComhairle Ealaíon Ciste Léirmheastóireachta a chruthú, clár maoinithe a bhunú chun tacú le cláir theilifíse, raidió agus podchraoltaí a leagann béim ar scríbhneoireacht liteartha, agus acmhainn a fhorbairt le cur leis an tuiscint atá ag coimeádaithe, stiúrthóirí féilte agus bainisteoirí ionad ealaíon ar litríocht na Gaeilge.

Cuirfear na bearta atá sa pholasaí seo i bhfeidhm as seo go 2025.

Tuilleadh eolais ag an nasc seo: https://tuairisc.ie/ciste-leirmheastoireachta-gaeilge-le-bunu-ag-an-gcomhairle-ealaion/