Oíche in ómós do Thomás Mac Síomóin - Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge i gcomhar le hIMRAM agus Áras Scríbhneoirí na hÉireann

Tá oíche in ómós do Thomás Mac Síomóin á reáchtáil ag an Aontas in Áras na Scríbhneoirí, Cearnóg Parnell, Baile Átha Cliath ag 7pm Dé Céadaoin 16 Samhain. Saorchead isteach. Beidh Cathal Póirtéir mar fhear an tí ag an ócáid agus is iad Mícheál Ó hUanacháin, Mícheál Mac Aonghusa, Máirín Nic Eoin, Celia de Fréine agus Éamon Ó Ciosáin na haoíchainteoirí. Beidh Cormac Breathnach agus Martin Dunlea i mbun ceoil. Níl ach líon teoranta suíochán ann agus dá réir sin, ní mór do dhaoine ticéid a chur in áirithe roimh ré.

Tuilleadh eolais

Tomás Mac Síomóin

File, úrscéalaí, fear aistí, fear conspóide, eagarthóir, iriseoir, aistritheoir agus duine den bheagán scríbhneoirí radacacha Gaeilge a raibh taithí idirnáisiúnta aige ab ea Tomás Mac Síomóin. Bhuaigh a chnuasach gearrscéalta Cinn Lae Seangáin duais Oireachtais sa bhliain 2005 agus an bhliain dár gcionn bronnadh an phríomhdhuais Oireachtais ar a úrscéal fantaisíochta, An Tionscadal. Tá dánta, scéalta agus ailt leis foilsithe in an-chuid irisí móide aistriúcháin ón gCatalóinis agus ón Spáinnis. Cailleadh é i mbliana. Ba fhathach é i measc scríbhneoirí na Gaeilge.