Ceardlann ar an Aithris Filíochta le Ciara Ní É 23 Deireadh Fómhair 2023

Íomhá de Chiara Ní É

Beidh ceardlann ar an aithris filíochta ar siúl ag an Aontas leis an bhfile ildánach, Ciara Ní É, ar Zoom, Dé Luain 23 Deireadh Fómhair ag 18:00.

Is file, gníomhaí, agus craoltóir í Ciara Ní É. Bhunaigh sí an oíche filíochta REIC agus tá sí ina comhstiúrthóir ar an gcomharghrúpa AerachAiteachGaelach. Foilsíodh saothar dá cuid agus aistí liteartha léi in irisí éagsúla, Aneas, Icarus agus Comhar ina measc. Bhí Ciara ina comhscríbhneoir, comhléiritheoir agus aisteoir sa dráma Grindr, Saghdar ⁊ Cher (2022) in éineacht le hEoin Mc Evoy agus Sam Ó Fearraigh; agus bhí sí ina comhscríbhneoir agus comhléiritheoir ar an dráma Idir Mise agus Craiceann do Chluaise (2021) in éineacht le hEoin Mc Evoy.

Labhróidh Ciara linn faoi chleachtas agus tábhacht na filíochta ó bhéal, scileanna aithrise agus a próiseas scríbhneoireachta agus reacaireachta féin. Beidh líon teoranta spásanna ann, mar sin de, más spéis leat freastal uirthi, seol ríomhphost chuig eolas@aontasnascribhneoiri.ie le do thoil.