Ollchruinniú an Aontais ag Oireachtas na Gaeilge 4 Samhain 2023

Lógó Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge

Beidh ollchruiniú Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge ar siúl ag an Oireachtas thíos i gCill Áirne 11:00 Dé Sathairn 4 Samhain. 

Féachfar siar ar dhul chun cinn an Aontais le bliain agus pléifear treoirlínte maidir le conarthaí idir scríbhneoirí agus foilsitheoirí. Fáilte roimh gach ball den Aontas. 

Beidh neart eile ar siúl ó thaobh na litríochta agus na scríbhneoireachta de ag an Oireachtas. Beidh an Chúirt Filíochta ar siúl ag 13:30 Dé Sathairn 4 Samhain i Seomra Park sa Bhrehon. Mar aon leis sin, beidh breis is deich gcinn de sheoltaí leabhar ar siúl, pléphainéil faoi aistriúcháin leabhar, siompóisiam foclóireachta, comórtais, léamha próis agus go leor eile.

Gach eolas ag https://www.antoireachtas.ie/o...