Buaiteoir Chorn Uí Néill 2023 fógartha

Laoighseach Ní Choistealbha

Tá Corn Uí Néill 2023 le bronnadh ar Laoighseach Ní Choistealbha ar an dán "I gcuimhne oileánaigh". Reachtálfar ócáid bhronnta i mBéal Feirste ar an Satharn 30 Meán Fómhair seo chugainn; foilseofar mionsonraí breise ar ball.

Conallach í Laoighseach Ní Choistealbha atá i mbun taighde dochtúireachta faoi láthair in Ollscoil na Gaillimhe. Tá dánta foilsithe aici cheana in irisí éagsúla, ina measc Comhar, Feasta, Poetry Ireland Review, An Capall Dubh, Aneas agus an Galway Literary Review.

Bhain sí Duais Fhoras na Gaeilge ag Seachtain Scríbhneoirí Lios Tuathail 2023 lena dán "I dTeach na Teanga", agus duais An Fiach Dubh 2022 le dán eile. Tá cnuasach filíochta léi dar teideal "Solas Geimhridh" le foilsiú níos déanaí i mbliana.