Seoda ón Taisce Liteartha 8 - Michelle Nic Pháidín

'Súile Éisc' is teideal don ghearrscéal atá á léamh ag Michelle Nic Pháidín ar an bpodchraoladh seo, an t-ochtú ceann sa tsraith a thugann deis dúinn éisteacht le buaiteoirí i gComórtais Liteartha an Oireachtais. Tá filíocht, scéal do pháistí, gearrscéalta agus sleachta úrscéil le cloisteáil ar phodchraoltaí eile agus iad ar fáil ar líne do chách.