An Post Irish Book Awards

Pictiúr d'Alan Titley agus d'Anna Heussaff ag seoladh ghearrliosta na ngradam

Comhghairdeas ó chroí leis na scríbhneoirí Gaeilge a bhfuil saothar leo luaite ar an ngearrliosta do Leabhar Ficsin Gaeilge na Bliana ag an An Post Irish Book Awards. 

  • Sa Pholl Báite - Anna Heussaff
  • Béal na Péiste - Fionntán de Brún
  • Ceallach - Diarmuid Johnson
  • Imram agus scéalta eile - Róise Ní Bhaoill
  • Ag Dul i bhFad - Alan Titley

Comhghairdeas freisin le baill an Aontais a fuair ainmniúchán i gcatagóirí eile na ngradam.

  • Téasáras Gaeilge-Béarla | Irish-English Thesaurus le Garry Bannister sa chatagóir 'TheJournal.ie Best Irish Published Book of the Year'
  • The Story of Elizabeth le Celia de Fréine, iarchathaoirleach an Aontais, sa chathagóir 'Writing.ie Short Story of the Year 2023'.

Is féidir vóta a chaitheamh do na saothair is fearr leat ag Vote - Irish Book Awards. Is é Déardaoin 9 Samhain sprioclá na vótála. Is fiú go mór vóta a chaitheamh agus léiriú go bhfuil spéis mhór ag daoine sa rannóg Ghaeilge.