Tae & Plé

Beidh ilchultúrachas, ilteangachas agus litríocht na Gaeilge faoi chaibidil ag Sylvia Bledow, Simon Ó Faoláin agus Richie Conroy Dé Luain an 5 Nollaig, 19:00 - 20:00. Cuirfimid nasc Zúm chuig baill an Aontais go gairid. Seo an imeacht deiridh ar chlár an Aontais i mbliana agus tá súil againn go mbeidh slua breá inár gcuideachta ar an oíche.