Ráiteas an Aontais maidir le 'Feasta'

Ráiteas Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge i dtaobh imeacht 'Feasta'

Ag Ollchruinniú Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge ag Oireachtas na Samhna 2023, rinneadh vóta agus glacadh leis an ráiteas láidir thíos maidir le himeacht na hirise Gaeilge 'Feasta':

"Ábhar buartha d'Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge deireadh bheith tagtha leis an iris Feasta.

Ar feadh 75 bliana, bhí Feasta i measc an dornáin foilseachán a bhí tiomanta don Ghaeilge, do ghluaiseacht na teanga (go háirithe Conradh na Gaeilge, arbh iad a bhunaigh an iris in 1948), agus go háirithe don scríbhneoireacht, idir aistí, scéalta agus filíocht.

Le blianta beaga anuas, tá cuid shuntasach den earnáil foilsitheoireachta clóite curtha den saol, den chuid is mó ar bhonn easpa tacaíochta agus maoinithe stáit is leath-stáit.

Thuig Earnán de Blaghd in 1925, nuair a bhunaigh sé An Gúm, agus Risteard Ó Maolcatha nuair a chinn sé ar thacaíocht airgid a chur ar fáil do na foilseacháin Ghaeilge tar éis an Dara Cogadh, thuigeadar beirt gur gníomhaíocht fhíor-thábhachtach ar mhaithe leis an teanga an fhoilsitheoireacht rialta, gnó nach mbeadh inmharthanach ceal deontaisí.

De réir a chéile, tá an tacaíocht airgid sin ciorraithe, gearrtha siar ar bhonn cúinsí "gnó" nach n-oireann dá gcás beag nó mór.

D'imigh Inniu agus a chomharbaí; theip ar An tUltach, cuireadh nuacht-iriseoireacht na Gaeilge ar líne, áit nach n-oireann do go leor léitheoirí, agus anois tá Feasta gan todhchaí, de bharr gur cuireadh deireadh lena dheontas.

Maolaíonn agus tanaíonn sé seo ar fad an margadh, ar chóir go mbeadh scríbhneoirí ag cur a gcuid tairgí ina lár. Deirtear an-mhinic go ndúirt an Piarsach gur 'beatha teanga a labhairt', ach bhí a thuilleadh ina chuid cainte: 'buanú teanga a scríobh.' Ar scáth a chéile a mhaireann an dá úsáid teanga sin.

Gan bealach ag scríbhneoirí a gcuid oibre a chur os comhair an phobail, níl cúram déanta de bhuanú sin na teanga. Imeacht Feasta, créacht mhór eile i gcorp na Gaeilge."