'Aneas': Glaoch Oscailte

Cuirfidh an iris nua bhliantúil litríochta Gaeilge Aneas fáilte roimh ábhar dá dara heagrán ó scríbhneoirí na Gaeilge idir 1 Aibreán agus 1 Bealtaine 2021. Dánta agus gearrscéalta amháin atáthar ag glacadh leo faoi láthair. Ní mór don ábhar gan a bheith foilsithe cheana féin. Cuirfear fáilte roimh ábhar ó scríbhneoirí bunaithe agus guthanna nua araon.

Tuilleadh eolais, agus clárú le córas Submittable chun ábhar a chur isteach, ach cuairt a thabhairt ar: https://southword.submittable.com/submit/190847/saothair-filiochta-agus-prois-le-haghaidh-aneas

"Iris nua bhliantúil atá tiomnaithe go hiomlán don gcuid is fearr de litríocht chomhaimseartha na Gaeilge" dar leis na foilsitheorí, an Munster Literature Centre. Is é Simon Ó Faoláin eagarthóir na hirise.

Foilsíodh Aneas den chéad uair roimh Nollaig, agus é lom-lán de scoth na scríbhneoirí: Bushe, de Paor, Ní Dhomhnaill, Ciara Ní É, Ó Searcaigh, Rosenstock, Uí Fhoghlú gan ach seisear a lua den scór file a bhfuil saothar leo anseo, mar aon le gearrscéalta agus critic.

Aneas le fáil ó www.munsterlit.ie, nó ó dhíoltóirí ar-líne