Nasc idir scríbhneoirí Vicipéide sna tíortha Ceilteacha

Nasc na Snaidhme Ceiltí (Celtic Knot Connect) atá ar an ngréasán scríbhneoirí atá á chothú ag Sara Thomas (sara.thomas@wikimedia.org.uk), ag leanúint ón gComhrá Straitéise 2030 a bhí ar siúl i mí na Samhna 2020. Bhí fonn ar a lán den lucht freastail ócáid a eagrú leis na nascanna agus an roinnt eolais a chothú. Más spéis leat páirt a ghlacadh, pé acu ar scríobh tú do Wiki cheana nó nach ndearna, féach an nasc seo agus scaip ar dhaoine eile é.