Bainisteoir

Tá duine cumasach díograiseach eagraithe á lorg mar bhainisteoir páirtaimseartha ar obair an Aontais ó Mheitheamh go Samhain 2024.


Faoi stiúir bhaill choiste an Aontais, beidh an duine sin ag obair as a stuaim féin agus de réir sceideal ama dá rogha féin.


Na cúraimí oibre

Is é aidhm an tionscadail ná forbairt ar sheirbhísí tacaíochta an Aontais dár mbaill, méadú ar líon na mball, neartú ar an ngréasán comhoibrithe le heagrais chultúrtha eile agus tacú le borradh na scríbhneoireachta Gaeilge.

Tiocfaidh na cúraimí oibre seo i gceist:

• Fógraí maidir le deiseanna do scríbhneoirí a scaipeadh ar na baill • Imeachtaí liteartha a thionscnamh agus a eagrú

• Obair an Aontais a chur chun cinn ar shuíomh an eagrais agus ar na meáin shóisialta;

• Uasdátú agus poiblíocht ar Eolaire na Scríbhneoirí, bunachar atá ar an suíomh www.aontasnascribhneoiri.ie

• Obair eile riaracháin a aontófar ó am go chéile


Na cáilíochtaí

• Eolas ar shaol liteartha agus cultúrtha na Gaeilge in Éirinn agus thar lear

• Gaeilge labhartha agus scríofa atá cruinn líofa

• Scileanna cumarsáide idirphearsanta, scríofa agus ar na meáin shóisialta

• Bheadh taithí oibre le heagras cultúir/cumarsáide/riaracháin inmhianaithe 


Maoiniú agus táille

Tá an tionscadal seo maoinithe ag Foras na Gaeilge agus Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge. Beidh bainisteoir an tionscadail ag obair ar bhonn féinfhostaithe, faoi réir na socruithe cánach a ghabhann leis sin.

Íocfar €1,500 sa mhí thar thréimhse 6 mhí leis an mbainisteoir bunaithe ar 1.5 lá oibre sa tseachtain, mar aon le costais suas go €500 ar chaiteachas a aontófar.

Is ar an mbainisteoir féin a bheidh an fhreagracht an obair a chur i gcrích de réir clár ama a shocrófar le linn na tréimhse.


Spriocdháta agus próiseas roghnúcháin

An spriocdháta ná 5pm Dé hAoine 17 Bealtaine.

Cuir CV agus litir iarratais as Gaeilge chuig eolas@aontasnascribhneoiri.ie

Eagrófar agallaimh ar Zúm an tseachtain dar gcionn.