Corn Uí Néill 2023 fógartha

Corn Uí Néill

Fógraíonn Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge eagrán 2023 de Chomórtas Filíochta “Corn Uí Néill”.

Comórtas é seo a bhfuil cead iontrála air ag scríbhneoirí i nGaeilge agus i nGàidhlig na hAlban araon. Is iad na filí aitheanta Sandaidh NicDhòmhnaill Jones agus Ceaití Ní Bheildiúin a bheidh ina moltóirí ar chomórtas Chorn Uí Néill 2023.

Tá cead ag aon fhile suas le trí dhán a chur san áireamh don chomórtas, i gceachtar den dá theanga. Níl aon táille le bheith san iomaíocht. Dánta nua neamhfhoilsithe nach faide ná 40 líne, agus nach bhfuil san iomaíocht in aon chomórtas comhuaineach eile, atá i gceist. Is gá aistriúchán Béarla a chur le gach aon iarracht, do na moltóirí amháin.

Go leictreonach amháin a ghlacfar le hiontrálacha, gach dán ar dhoiciméad leis féin (.doc, .docx nó .odt), gan ainm údair, agus ainmneacha na ndánta sa nóta brollaigh. Seoltar na dánta chuig <eolas@aontasnascribhneoiri.ie> roimh nó ar 30 Meitheamh ag 5 i.n. Ní ghlacfar le haon iarracht a thiocfaidh chuig an seoladh ina dhiaidh sin.

Bronnfar €500 agus Corn Uí Néill ar an bhfile buach.