Seoladh Tuarascála: ‘Earnáil Scríbhneoireachta, Foilsitheoireachta agus Léitheoireachta na Gaeilge’

Seolfar tuarascáil de chuid Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Pobal Labhartha na Gaeilge ar ‘Earnáil Scríbhneoireachta, Foilsitheoireachta agus Léitheoireachta na Gaeilge’ ag Oireachtas na Gaeilge, ag 18:00 Dé hAoine 3 Samhain, in Amharclann an Oireachtais, Óstán Brehon

Tá fáilte mhór roimh dhaoine a bheith i láthair agus ceisteanna a chur ar an gComhchoiste ar ábhar na tuarascála agus na moltaí atá inti. Foilseofar an tuarascáil féin mar leagan leictreonach ach beidh cóipeanna crua ar fáil dóibh siúd a bheidh i láthair ag an ócáid.

Más spéis leat a bheith ann, bhéifí buíoch as é sin a chur in iúl do Chléireach an Choiste ag gaeilge@oireachtas.ie