Comórtas Uí Néill

Is geal le hAontas na Scríbhneoirí Gaeilge a fhógairt go bhfuil an Comórtas filíochta dá ngairtí “Corn Uí Néill” athsheolta ag an Aontas, le cabhair ó chlann an Choirnéil Eoghain Uí Néill agus le ciste tacaíochta ó Dháil na mBard a cuireadh faoi chúram an Aontais tamall ó shin.

Comórtas é seo a bhfuil cead iontrála air ag scríbhneoirí i nGaeilge agus i nGàidhlig na hAlban araon. Is iad an file aitheanta Sandaidh NicDhòmhnaill Jones, buaiteoir deireanach an Choirn, agus Ceaití Ní Bheildiúin, buaiteoir dhuais Mhichael Hartnett 2021, a bheidh ina moltóirí ar chomórtas Chorn Uí Néill 2022.

Rialacha d'Iomaitheoirí:

1. Comórtas dátheangach filíochta é Corn an Choirnéil Eoghain Uí Néill, do dhánta i nGaeilge nó i nGàidhlig.

2. Tá cead ag aon fhile dánta a chur san áireamh don chomórtas, i gceachtar den dá theanga, ach ní ghlacfar le níos mó ná trí dhán ó fhile ar bith. Dánta nua neamhfhoilsithe nach faide ná 40 líne, agus nach bhfuil san iomaíocht in aon chomórtas comhuaineach eile, atá i gceist.

3. Is gá aistriúchán Béarla a chur le gach aon iarracht. Is do na moltóirí amháin na haistriúcháin agus níl sé i gceist iad a fhoilsiú.

4. Níl aon táille ar iomaíocht.

5. Go leictreonach mar ríomh-phost amháin a ghlacfar le hiontrálacha ag <eolas@aontasnascribhneoiri.ie>. Is cóir gach dán bheith ar dhoiciméad leis féin (doiciméad .doc, .docx nó .odt), gan ainm údair, agus ainmneacha na ndánta sa nóta brollaigh.

6. Is ar an Luan 28ú Márta 2022 ag 5 i.n. a dhúnfar an comórtas. Ní ghlacfar le haon iarracht a thiocfaidh chuig an seoladh ina dhiaidh sin.

7. Bronnfar €500 agus Corn Uí Néill ar an bhfile buach, agus an Corn le bheith ina s/heilbh ar feadh bliana.

8. Déanfaidh Coiste Stiúrtha Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge socruithe an bhronnta.