Bunreacht Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge

1. Ainm an Aontais

Is é Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge ainm na heagraíochta.

2. Fís an Aontais

Scríbhneoireacht, léitheoireacht agus litríocht na Gaeilge a chun chun cinn agus guth a thabhairt do scríbhneoirí na Gaeilge.

3. Cumhachtaí

Chun a chuid aidhmeanna a bhaint amach is féidir leis an Aontas na rudaí seo a leanas a dhéanamh:

(a) Airgead a thiomsú

(b) Cuntais bainc a oscailt

(c) Árachas a bhaint amach

(d) Cúrsaí agus imeachtaí a eagrú

(e) Oibriú le grúpaí eile agus eolas a roinnt

(f) Feachtais a reachtáil

(g) Aon rud dleathach eile a dhéanamh chun a chuid aidhmeanna a bhaint amach.

4. Ballraíocht

(a) Tá ballraíocht san Aontais oscailte d’aon scríbhneoir Gaeilge a ghlacann le fís an Aontais agus atá sásta an táille ballraíochta cuí a íoc.

(b) Beidh ballraíocht oscailte do gach scríbhneoir beag beann ar inscne, cine, náisiúntacht, míchumas, claonadh gnéis nó creideamh.

(c) Beidh vóta amháin ag gach ball ag cruinnithe.

(d) (i) Beidh síntiús ballraíochta bailí don bhliain féilire ina n-íoctar é.

(ii) Cuirfear meabhrúchán chuig baill ag deireadh na bliana sin go bhfuil athnuachan síntiúis le déanamh acu.

(iii) Cuirfear fógra deiridh chuig baill nach bhfuil athnuachan síntiúis déanta acu faoi dheireadh na bliana dar gcionn.

(iv) Aon bhall nach mbeidh síntiúis íoctha aige nó aici sa bhliain cuntais a bheidh á thuairisciú do Chruinniú Cinn Bliana, ní bheidh vóta aige nó aici ag an gCruinniú sin, agus rachaidh a b(h)allraíocht in éag ag deireadh an Chruinnithe sin.

5. Bainistiú an Aontais

(a) Toghfar Coiste Stiúrtha ag Cruinniú Cinn Bliana gach bliain chun gnóthaí an Aontais a stiúradh.

(b) Toghfar cathaoirleach, rúnaí, cisteoir (na hoifigigh) agus ar a mhéid sé bhall eile ar an Choiste Stiúrtha.

(c) Beidh córam de cheathrar de dhíth le go mbeidh aon chruinniú de chuid an Coiste Stiúrtha bailí.

(d) Beidh sé de chead ag an Choiste Stiúrtha baill den Aontas a chomhthoghadh ar an choiste chun folúntas a líonadh go dtí an chéad ollchruinniú eile, a fhad is nach sáraítear líon na gcoisteoirí atá ceadaithe.

(e) Déanfar gach vóta Choiste Stiúrtha de réir ‘taispeáint láimhe’ agus i gcás vóta cothrom, beidh vóta réitigh ag an chathaoirleach.

(f) Tiocfaidh Coiste Stiúrtha an Aontais le chéile le haghaidh cruinniú ar a laghad ceithre uaire sa bhliain, nó níos mó má chítear do na hoifigigh gur gá sin.

(g) Reachtálfar cruinnithe an Choiste Stiúrtha de réir clár oibre réamhshocraithe agus aontófar ar teorainn chinnte ama do gach cruinniú.

(h) Beidh sé de chead ag an Choiste Stiúrtha fochoistí a bhunú chun bainistiú a dhéanamh ar fheachtais nó ar aon ghné eile d’obair an Aontais.

(i) Ní íocfar aon bhall as a bheith ar an Choiste Stiúrtha, ach féadfar costaisí taisil / cothbhála a chur ar fáil do bhaill a bhfuil taisteal substaintiúil le déanamh acu chun freastal ar chruinnithe.

(j) Beidh ollchruinniú trí huaire ar a laghad sa bhliain, an Cruinniú Cinn Bliana san áireamh.

6. Dualgaisí na nOifigeach

Cathaoirleach:

(a) Cathaoirleacht a dhéanamh ar chruinnithe den Choiste Stiúrtha agus ar an Chruinniú Cinn Bliana.

(b) A bheith mar ionadaí de chuid an Aontais ag imeachtaí / cruinnithe / féilte etc.

(c) Labhairt ar son an Aontais nuair is gá.

Rúnaí:

(a) Miontuairiscí a ghlacadh ag cruinnithe agus iad a scaipeadh ar na baill chuí.

(b) I gcomhpháirt leis an chathaoirleach, clár oibre a réiteach do chruinnithe.

(c) Liosta na mball a choinneáil suas chun dáta.

(d) Déileáil le comhfhreagras.

(e) Eolas a bhailiú agus a scaipeadh ar bhaill an Choiste Stiúrtha / Aontais nuair is gá.

Cisteoir:

(a) Bainistiú a dhéanamh ar chúrsaí airgid an Aontais

(b) Cuntais a choinneáil a thaispeánann teacht isteach agus caiteachas an Aontais.

(c) Cuntais scrúdaithe ag na hiontaobhaithe nó cuntas iniúchta a chur os comhair an Chruinniú Cinn Bliana.

(d) Tuairisc faoi chaiteachas a chur os comhair gach cruinniú.

7. Airgead

(a) Aon airgead a fhaigheann an tAontas, úsáidfear ar mhaithe leis an Aontas amháin é.

(b) Beidh aon chuntas bainc a osclófar in ainm an Aontais.

(c) Beidh síniú an chisteora agus ball ainmnithe eile den choiste ar aon seic a eisíonn an tAontas.

8. Cruinniú Cinn Bhliana

(a) Eagrófar Cruinniu Cinn Bliana (CCB) in earrach na bliana ar dháta a bheidh socraithe ag an Choiste Stiúrtha.

(b) Tabharfar fógra 14 lá do gach ball agus beidh sé de chead ag gach ball a bheith i láthair agus vóta a chaitheamh. Beidh córam de dheichniúr ball de dhíth le go mbeidh an CCB bailí.

(c) Tabharfaidh an Cathaoirleach tuairisc ar imeachtaí an Aontais ag an CCB.

(d) Déanfaidh an Cisteoir cuntais na bliana roimhe a bheidh faofa ag na hIontaobhaithe a chur faoi bhráid an Chruinnithe Cinn Bliana.

(e) Toghfar coiste nua ag an CCB. Déanfar an vóta seo trí bhalóid rúnda.

(f) Toghfar beirt Iontaobhaí, a mbeidh de chúram orthu na Cuntais Bhliantúla a scrúdú agus a fhaomhadh nuair a bheidh siad ullmhaithe ag an gCisteoir roimh an chéad Chruinniú Cinn Bhliana eile.

(g) Déanfar plé agus vótálfar ar rúin a bheidh curtha chun tosaigh ag baill de réir na rialacha thíos.

9. Rúin a chur os comhair Chruinniú Cinn Bliana

(a) Caithfidh aon rún ar mhaith le ball a chur os comhair an CCB a bheith ag an rúnaí i scríbhinn ar a laghad coicís roimh an dáta atá socraithe don OB.

(b) Dáilfear gach rún bailí a fhaightear ar na baill.

(c) Beidh sé de chead ag ball leasú a mholadh ar rúin a chuirfear chun tosaigh is a dháílfear de réír fo-mhír (b), ach an leasú a bheith i scríbhinn ag an Rúnaí roimh lá an CCB. Cuimsíonn an frása 'i scríbhinn' teachtaireachtaí i bhfoirm leictreonach.

(d) Féadfaidh an Coiste Stiúrtha rún a chur os comhair an CCB, agus caithfear leis ar an dóigh chéanna a chaithfear le rún baill.

10. Ollchruinniú Speisialta na mBall

Is féidir leis an Choiste Stiúrtha (nó 15 ball a shíníonn achainí chuige) Ollchruinniú Speisialta na mBall a ghairm chun plé a dhéanamh ar ábhar práinneach nó tromchúiseach. Tabharfaidh an rúnaí fógra 14 lá do gach ball agus eolas faoin ábhar a bheidh le plé. Beidh cead freastail agus vótála ag gach ball.

Ní phléifear ag Ollchruinniú Speisialta faoin mhír seo ach an t-ábhar a mbeidh fógra tugtha do na baill ina thaobh, agus ní dhéanfar aon chinneadh ar aon ábhar eile.

11. Athruithe ar an bhunreacht

Ag Ollchruinniú amháin a cheadaítear vóta a chaitheamh ar athrú ar an bhunreacht.

Caithfear aon athrú ar an bhunreacht seo a bheith aontaithe ag móramh de na baill a bheidh i láthair agus ag vótáil ag an ollchruinniú.

12. Scor an Aontais

Is féidir an tAontas a scor ag aon am má aontaíonn dhá thrian (⅔) de na baill a bheidh i láthair agus ag vótáil ag Ollchruinniú na mBall nó ag Ollchruinniú Speisialta na mBall ar sin a dhéanamh.

Sa chás seo, má tá aon sóchmhainn fágtha ag an Aontas tar éis dó a fhiacha a ghlanadh, bronnfar é ar eagraíocht a bhfuil aidhmeanna aige atá cosúil leis na haidhmeanna agus cuspóirí atá ag Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge.

13.

Tabharfar cóip den bhunreacht seo do gach ball an chéad uair a chláraíonn sé / sí mar bhall.

Cuirfear aon athruithe a dhéanfar ar an bhunreacht seo in iúl do bhaill.

Is féidir seo a dhéanamh tríd an phost, trí ríomhphost nó trí aon mheán leictreonach eile a shocraíonn an Coiste Stiúrtha.


Achtaíodh an bunreacht seo ag ollchruinniú bhaill an Aontais ar an 07 Marta 2015.

Sínithe: C Poirteir

Cathaoirleach


Arna leasú ag ollchruinniú bhaill an Aontais ar an 25 Bealtaine 2019.

Sínithe: Celia De Fréine

Cathaoirleach