Polasaithe

Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge – ag cothú na cruthaitheachta

Ní gá go mbeadh saol an scríbhneora aonaránach. Bí páirteach linn sa chomrádaíocht a thagann as comhairle agus taithí a roinnt le chéile chun saol an scríbhneora Gaeilge a éascú.

Tá fáilte roimh gach scríbhneoir a shaothraíonn sa Ghaeilge in Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge, a bunaíodh in 2015 le freastal ar na riachtanais éagsúla atá ag údair ó cheann ceann na tíre. Cuireann an tAontas roimhe comhoibriú le dreamanna eile le scríbhneoireacht na Gaeilge a fhorbairt agus a seasamh a ardú go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.

De réir a chéile, le do chuidiú, beidh muid in ann seirbhísí éagsúla a thairiscint: gréasán cumarsáide agus eolais a sholáthar, bunachair sonraí a choinneáil faoi dheiseanna maoinithe agus faoi fhorbairt ghairmiúil. Déanann an tAontas ionadaíocht thar ceann na scríbhneoirí agus idirbheartaíocht le foilsitheoirí agus institiúidí cultúrtha éagsúla atá tábhachtach do shaothar an scríbhneora Gaeilge.

  • Gréasán cumarsáide agus sóisialta do scríbhneoirí
  • Eolas faoi dheiseanna maoinithe – sparánachtaí, scéimeanna cónaithe srl
  • Rátaí íocaíochta cuí agus cearta a bhaint amach do scríbhneoirí
  • Lacáistí do bhaill ar chúrsaí agus ar imeachtaí éagsúla
  • Ardán a chur ar fáil do scríbhneoirí a saothar a léamh agus a phlé
  • Forbairt suíomh idirlín do bhaill
  • Idirbheartaíocht le heagrais agus institiúidí
  • Réiteach plécháipéisí agus aighneachtaí

Tá aighneachtaí scríofa agus curtha i láthair RTÉ agus Foras na Gaeilge agus cáipéisí eile á réiteach do TG4, Oireachtas na Gaeilge agus do na Comhairlí Ealaíon. Tá ról anois againn i bhfeidhmiú scéimeanna éagsúla, ar nós ócáidí Leabharlanna, a thugann deiseanna do scríbhneoirí dul os comhair an phobail.

Tá an tAontas rannpháirteach in Áras Scríbhneoirí na hÉireann agus lacáistí ar fáil ag na baill do chúrsaí agus imeachtaí eile ansin agus cead cur isteach ar sparánacht Jack Harte in Ionad Tyrone Guthrie. Le breis tacaíochta agus comhoibriú leis na heagrais eile i ngort na litríochta agus i saol na Gaeilge, beidh muid ag cur leis na buntáistí ballraíochta agus leis na seirbhísí a chuireann an tAontas ar fáil.

Bíonn ollchruinniú ann ceithre huaire sa bhliain, a thugann deis do na baill ábhair éagsúla a bhaineann le saol an scríbhneora a phlé agus tuairimí na scríbhneoirí a chur os comhair lucht riaracháin agus maoinithe i saol na litríochta. Tugtar ardán d’údair saothar nua a léamh go poiblí agus saothar litríochta a phlé go neamhfhoirmeálta.

Tugann Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge cuireadh duitse a bheith páirteach san obair seo, is cuma cén cineál scríbhneora tú, úrnua nó seanbhunaithe, ag scríobh don chló nó don scáileán, ag plé le ficsean nó neamhfhicsean nó ag scríobh aistí nó scéalta do pháistí. Is féidir linn a bheith ag cuidiú agus ag foghlaim óna chéile. Ní neart go cur le chéile.