Suíomh gréasáin an Aontais beo anois

Tá áthas ar an Aontas a fhógairt go bhfuil ár suíomh féin beo anois. Táimid ag iarraidh ar bhaill muid scéalta nua a chur chugainn agus a mbarúlacha faoin suíomh a chur in iúl dúinn. Bheimis buíoch de bhaill a bhfuil suíomh nó blag acu féin nasc a chruthú leis an suíomh seo. Beimid féin breá sásta naisc a chruthú le suíomhanna a bhfuil baint acu le scríbhneoireacht agus le healaíona na Gaeilge. Ár mbuíochas le Clár na Leabhar Gaeilge a chuir maoiniú ar fáil le haghaidh fhorbairt an tsuímh faoi Scéim na dTionscadal Litríochta.