'Louise' dráma nua le Celia de Freine

Léireofar Luíse, dráma nua i nGaeilge, bunaithe ar shaol Luíse Ghabhánach Ní Dhufaigh, i Scoil Bhríde, Raghnallach ón Déardaoin 8 Meán Fómhair go dtí an Satharn 10 Meán Fómhair ag 8 pm.

Is í Celia de Fréine a scríobh agus a léirigh, agus beidh páirt Luíse á aithris ag Hilary Bowen-Walsh agus á chur i láthair ag Umbrella Theatre Company i gcomhar le Scoil Bhríde agus Ionad Ealaíon Raghnallach, agus le cúnamh ó Chiste Comórtha 1916 maoinithe ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.

Cuirfidh an léiriú seo tús le comóradh an chéid sa scoil.

Scoil Bhríde, Bóthar Feadha Cuileann, Raghnallach. Luas chuig Coill na Feá. Busanna: 11, 18, 44, 61. Páirceáil sráide amháin.

Is féidir ticéad €10 a cheannach díreach ar líne ag www.luise.eventbrite.com nó ag an doras ar an oíche.

Tuilleadh eolais ó: celiadefreine@gmail.com / 08728365