Gradam bliantúil filíochta i gcuimhne ar Mhícheál Ó hAirtnéide

Bhunaigh Oifig Ealaíon Luimnigh an gradam bliantúil seo i gcomhpháirt leis an gComhairle Ealaíon chun obair litríochta Mhíchíl Uí Airtnéide i nGaeilge agus i mBéarla a aithint. Cuirfidh An Chomhairle Ealaíon agus Comhairle Chontae Cathrach Luimnigh duaischiste €4,000 ar fáil. Ar chnuasach Gaeilge a bhronnfar duais 2019. Tuilleadh eolais anseo