Cruinniú práinneach idir ASG agus Foras na Gaeilge maidir le tacaíocht do scríbhneoireacht na Gaeilge

Tá Foras na Gaeilge sásta teacht chuig cruinniú práinneach a d’iarr Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge faoin easpa tacaíochta atá á thabhairt do scríbhneoirí na Gaeilge agus na heagrais a thacaíonn leo, go háirithe sna duaiseanna liteartha a mhaoiníonn siad trí Oireachtas na Gaeilge.

Ag Cruinniú Cinn Bhliana Aontas na Scríbhneoirí ar na mallaibh, cháin baill Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge an gearradh siar atá déanta arís eile ar mhaoiniú Oireachtas na Gaeilge agus an titim i nduaischiste Chomórtais Liteartha an Oireachtais ó €60,000 i 2008 go €31,000 i 2015 agus tá tuilleadh bainte as an chiste anois. ‘Tuigeann Aontas na Scríbhneoirí gur gearradh siar ar mhaoiniú an Fhorais féin le blianta anuas,' a dúirt Cathaoirleach an Aontais, Cathal Póirtéir, ‘ach tá gearradh siar níos mó déanta ar earnáil na litríochta nó mar atá ar earnálacha eile agus goilleann sin ar na scríbhneoirí.’

‘Níl go leor ag an Oireachtas le bliain nó dhó chun Leabhar na Bliana a bhronnadh gach bliain. Bhíodh Gradam Uí Shúilleabháin do Leabhar na Bliana agus Duais Reics Carló do Leabhar na Bliana do Dhaoine Óga á mbronnadh go bliantúil ach anois níl ach ceann amháin le bheith ann gach bliain agus an ceann eile an bhliain ina dhiaidh’ Dar le hAontas na Scríbhneoirí Gaeilge, is sampla é sin den titim i stádas na scríbhneoirí agus na litríochta taobh istigh de pholasaithe Fhoras na Gaeilge.’

‘Bhí sé deacair i gcónaí ar scríbhneoirí Gaeilge luach saothair a bhaint amach,’ a dúirt Cathaoirleach an Aontais, ‘ach tá an creimeadh leanúnach seo ar fhoinsí spreagtha agus aitheantais ag goilliúint go mór ar scríbhneoirí a bhraitheann gur comhartha dímheasa é orthu féin agus ar a saothar.'

‘Is léir go mothaíonn na baill go bhfuil faillí á dhéanamh ag an Fhoras maidir le tacaíocht láidir leanúnach a thabhairt do scríbhneoirí na Gaeilge,’ a dúirt Rúnaí Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge, Éilís Ni Anluain, ‘agus ba mhór againn deis cainte leo, chun an bhuairt atá ar na scríbhneoirí a phlé le feidhmeannaigh agus le Bord an Fhorais.’

Bhí díomá ar leith ar bhaill Aontas na Scríbhneoirí gur ghearr an Foras maoiniú do dhuaiseanna liteartha arís i mbliana, go háirithe nuair a bhí súil ann go mbeadh méadú i nduaiseanna agus i gcoimisiúin le saothar Gaeilge a spreagadh mar chuid de chomóradh an chéid ar 1916. D’aithin an Cathaoirleach go bhfuil roinnt scéimeanna fiúntacha á riaradh ag an Fhoras ach, ba léir ón mhéid a dúradh ag an chruinniú go bhfuil na baill go láidir den tuairim go mba chóir don Fhoras athmhachnamh ó bhun a dhéanamh chun freastal níos éifeachtaí a dhéanamh ar scríbhneoirí agus léitheoirí na Gaeilge.