Comórtas Liteartha an Oireachtais

D’fhógair an tOireachtas inniu (Dé Céadaoin, 29 Márta 2017) Clár na gComórtas Liteartha 2017. Fiche seacht (27) comórtas atá ar chlár na bliana seo – seacht déag (17) acu sin dírithe ar scríbhneoirí fásta agus deich gcinn (10) dírithe ar scríbhneoirí óga. Tá réimse leathan seánraí i gceist sa chlár comórtas, iad seo ina measc: úrscéal, gearrscéal, ficsean d'fhoghlaimeoirí fásta, léirmheastóireacht, prós, filíocht, scríbhneoireacht scripte (don teilifís), dráma, agallamh beirte agus eile. 

Is é an spriocdháta iontrála 1 Iúil 2017 agus is féidir d’iarratas a sheoladh isteach ar líne ag nó é a sheoladh chuig:

https://pangr-comlit.herokuapp.com/

nó 

Comórtais Liteartha an Oireachtais,

6 Sráid Fhearchair,

Baile Átha Cliath 2.


Le haghaidh tuilleadh eolais:

Louise Ní Dháibhéid,

T: 01 4753857        

R: louise@antoireachtas.ie