Comórtas Gearrscéalaíochta Uí Mháine 2017

Tá an comórtas seo á reachtáil ag Craobh Ghrealláin Chonradh na Gaeilge, Béal Átha na Slua, Co. na Gaillimhe do scríbhneoirí gearrscéalta atá ós chionn 18 d'aois. Reachtáladh cheana é le linn gheimhreadh 2013/2014 mar chuid de Bhliain na Gaeilge 2013 agus d'éirigh thar chionn leis.

Is í an scríbhneoir, léachtóir agus iriseoir, Áine Ní Ghlinn, a bheidh mar mholtóir ar an gcomórtas. 

Maidir le hábhar na scéalta, níl téama ar leith i gceist.

Beidh duais de €300 ann don bhuaiteoir mar aon le chorn buan, Corn Chraobh Ghrealláin. Freisin, beidh duaiseanna beaga de dhearbhain leabhar ar fiú €50 agus €30 iad do na scríbhneoirí a thagann sa dara agus sa triú háit.

Tá táille iontrála de €10 le n-íoc as gach iontráil. (Féach thíos, Rialacha an Chomórtais)

Beidh torthaí an chomórtais fógraithe ag deireadh mí Meithimh 2017.

Foilseofar roinnt de na scéalta, an buaiteoir san áireamh, ar gearrsceal2017.wordpress.com (agus i bhfoirm leabhair, ag brath ar acmhainní).

Tá leathanach Facebook ann freisin ag facebook.com/comortas2017.

Cuir ríomhphost chuig gearrsceal@eircom.net má tá breis eolais de dhíth.

Tá an comórtas ainmnithe i gcuimhne na seanríochta Gaelaí, Uí Máine, a bhí ann tráth, in Oirthear na Gaillimhe agus Deisceart Ros Comáin.

Rialacha an Chomórtais

  1. Is do scríbhneoirí Gaeilge amháin atá an comórtas seo
  2. Ní mór d'iontrálaithe bheith ós cionn 18 bliain d'aois ar an 15 Bealtaine 2017
  3. Tá táille de €10 le n-íoc as gach iontráil. Is is féidir seic, déanta amach do Chraobh Ghrealláin Chonradh na Gaeilge, a sheoladh chuig Seosamh Ó Beirgin ag "Gearrscéal", 2 Radharc na Coille, Na Péiní, Béal Átha na Sluaighe, Co. na Gaillimhe, H53 HW97, nó; má dhéanann tú bancaeireacht ar-líne tig an táille a ióc isteach i gcúntas bainc (sonraí íocaíochta thíos).
  4. Tig le iontrálaithe níos mó ná iontráil amháin a chur isteach ach an táille a íoc as gach ceann.
  5. Ní ghlacfar le hiontrálacha tar éis an spriocdháta Dé Luain 15 Bealtaine 2017
  6. Ní ghlacfar ach le scéalta nuachumtha, nach bhfuil foilsithe cheana.
  7. Glacfar le saothar idir 1000 agus 3000 focal.
  8. Glacfar le hiontrálacha trí ríomhphost mar cheangaltáin inléite.
  9. Glacfar freisin le iontrálacha clóite (dhá chóip)ar pháipéar A4 seolta chuig: “Gearrscéal”, 2 Radharc na Coille, Na Péiní, Béal Átha na Sluaighe, Co. na Gaillimhe, H53 HW97, Éire. (Ní mór “Gearrscéal”’ a lua ar an gclúdach litreach agus ar an iontráil. Ní mór na leathanaigh a bheith uimhrithe.)
  10. Ní mór do theideal an scéil a bheith ar bharr gach leathanaigh, ach gan ainm an iontrálaí a bheith air.
  11. Ní mór litir chlúdaigh a chur isteach i dteannta gach iontráíl le hainm agus sonraí teagmhála an iontrálaí a bheith uirthi. 
  12. Ní mór bunchóip den iontráil a choinneáil mar ní sheolfar ar ais iad.
  13. Beidh sé de cheart ag Craobh Ghrealláin, Conradh na Gaeilge, Béal Átha na Slua na duais-scéalta agus aon iontráil eile is mian leo a fhoilsiú i bhfoirm leictreonach nó i bhfoirm leabhar nó an dá rud.
  14. Ní bheidh dul thar bhreith an mholtóra i gcás ar bith agus ní ghlacfar le chomhfhreagras i taobh na moltóireachta.

Is ionann cur isteach ar an gcomórtas agus glacadh leis na rialacha seo ina n-iomlán.

Sonraí íocaíochta

Ainm an Chuntais: Conradh na Gaeilge, Craobh Ghrealláin 

BIC: BOFIIE2D

IBAN: IE56 BOFI 9036 8011 8076 00

Nó má chuirtear scéal chuig Seosamh Beirgin ag gearrsceal@eircom.net is féidir bille leictreonach a sheoladh amach le híoc trí Paypal nó cárta creidmheasa