Comórtas Filíochta North West Words 2017

Comórtas filíochta Gaeilge Duais Filíochta Aurivo 2016, i gcomhar le North West Words agus Ealaín na Gaeltachta.

Duais €250 agus gradam filíochta Aurivo le bronnadh ar an mbuaiteoir

Treoirlínte agus rialacha an chomórtais

Ní foláir gach iarracht a bheith ina saothar úrnua de chuid an iarratasóra féin agus ní foláir nár fhoilsíodh cheana é ach oiread; bíodh sna meáin nó féin-fhoilsithe. Ní ghlacfar le dánta a bhain gradam amach i gcomórtas roimhe seo. Ní mór go mbeidh an t- iarratasóir níos aosta ná 18 bliain d’aois. Trí dhánta an t-uasmhéid a ghlacfar ó gach iarratasóir. Seol d’iarratas chugainn agus cur litir clúdach leis.

Bíodh d’ainm, sloinne, seoladh agus uimhir ghutháin agus/nó seoladh ríomhphoist ar an litir clúdach sin, mar aon leis teidil na ndánta. Ná chuir d’ainm nó aon shonraí pearsanta eile ar an leathanach/leathanaigh atá na dánta scríofa orthu.

Caithfear na dánta a bheith faighte roimh an spriocdháta. Sé sin an Mháirt 31 Eanáir, 2017.

Gearrfar táille €5 ar gach iarratas (uasmhéad 3 dhán).

Eagraíocht neamhbhrabúis is ea North West Words agus de dheasca sin, rachaidh an airgead a bhaileofar i dtreo na gcostas a bhaineann le riarachán an chomórtais. Ní íocfar táille leis an scríbhneoir. Níl cead aon leasuithe a dhéanamh tar-éis do na hiarratais a bheith déanta. Ní seolfar na hiarratais ar ais chuig an iarratasóir.

Is é Proinsias Mac a'Bhaird moltóií an chomórtais i mbliana. Seasann gach rogha agus cinnidh a dhéanann na moltóirí agus ní cheadfar aon theagmháil nó cumarsáide leo maidir le cinnidh an chomórtais. Cuirfear amach as an iomaíocht aon iarratasóir a dhéanann iarracht teagmháil a dhéanamh leis na moltóirí.

Roghnófar gearrliosta ar an 23 Feabhra, 2017. Foilseofar an gearrliosta sin ar leathanach Facebook North West Words agus ar chlár fógraí Florence Food Company, Leitir Ceanainn. Reáchtálfar babhta ceannais an chomórtais i Florence Food Company, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall ar an Déardaoin 30 Márta, 2017, áit a fhógrófar an buaiteoir agus a bhronnfar na nduaiseanna. Cuirfear an buaiteoir ar an eolas roimh an dáta sin. Má dhéantar iarratas, glactar leis go nglacann an t-iarratasóir le rialacha agus coinníollacha an chomórtais.