Comórtais liteartha an Oireachtais

Tá Comórtais Liteartha an Oireachtais faoi lán seoil. Tríocha (30) comórtas atá ar chlár na bliana seo – fiche (20) acu sin dírithe ar scríbhneoirí fásta agus deich gcinn (10) dírithe ar dhaoine óga. Tá réimse leathan seánraí i gceist sa chlár comórtas, iad seo ina measc: úrscéal, gearrscéal, ficsean d'fhoghlaimeoirí fásta, léirmheastóireacht, prós, filíocht, scríbhneoireacht scripte (don teilifís), dráma, agallamh beirte agus eile.

Reáchtálfar dhá chomórtas nua i mbliana; Comórtas Cuimhneacháin 1916 (maoinithe ag Craobh Aimhirgín de Chonradh na Gaeilge) d’amhrán nuachumtha bunaithe ar théama 1916 agus Comórtas Cuimhneacháin 1916 (maoinithe ag an gCumann Scoildrámaíochta agus An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta) do bhundráma nuacheaptha ar théama 1916 a d’oirfeadh do dhaltaí bunscoile nó iar-bhunoideachais.

Is é an spriocdháta iontrála 1 Iúil 2016 agus is féidir d’iarratas a dhéanamh ar líne ag an nasc seo nó é a sheoladh chuig: Comórtais Liteartha an Oireachtais, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.