Clárú agus athnuachan ar líne ar fáil anois!
29 Bealtaine 2019
Tá córas ar líne anois ag an Aontas chun gur féidir le baill nua clárú agus le baill reatha a gcuid síntiús a athnuachan. Féach anseo.
Más ball den Aontas tú cheana féin is féidir leat síniú isteach sa bhosca ar dheis. Scríobh isteach do sheoladh ríomhphoist agus is féidir d'uimhir bhallraíochta a úsáid mar phasfhocal.
Mura bhfuil d'uimhir bhallraíochta ar eolas agat ní gá a bheith buartha: is féidir cliceáil ar an nasc 'Níl mo phasfhocal ar eolas agam' chun pasfhocal nua a iarraidh.
Tar éis duit síniú isteach beidh deis agat do chuid sonraí a uasdátú (faoin rannóg 'Cuntas') nó táille ballraíochta a íoc (faoin rannóg 'Táillí'). Ar ndóigh, fáiltímid roimh cheisteanna nó aiseolas ach scéala a chur chugainn ag eolas@aontasnascribhneoiri.ie.