Ceistneoir nua do scríbhneoirí na Gaeilge

Ba bhreá linn go líonfadh scríbhneoirí na Gaeilge ceistneoir gairid a chabhróidh le hAontas na Scríbhneoirí bunachar a chur le chéile – liosta inchuardaithe ar líne – mar áis do phobal uile na leabhar Gaeilge.

Le teacht ar an gceistneoir, cliceáil le do thoilhttps://www.surveymonkey.com/r/3HC5GDR 

Séard atá i gceist leis an mBunachar ná liosta iomlán inchuardaithe de scríbhneoirí Gaeilge an lae inniu. Beidh sonraí ar fáil ann maidir le líon na scríbhneoirí, inscne, aoisghrúpaí, cúlra tíreolaíoch agus Gaeilge, na seánraí ina scríobhtar leabhair agus na foilsitheoirí. Áis a bheidh sa Bhunachar do leabharlannaithe agus lucht eagraithe féilte atá sa tóir ar scríbhneoirí ó cheantar áirithe nó a scríobhann i seánra áirithe, mar shampla, don aos óg nó ar an dúlra; agus beidh iriseoirí, taighdeoirí acadúla agus lucht maoinithe in ann tuiscintí nua a aimsiú ann ar scríbhneoirí agus ar shaol na leabhar Gaeilge sa lá inniu.

Tá súil ag Aontas na Scríbhneoirí go nglacfaidh na céadta scríbhneoirí Gaeilge páirt sa Bhunachar, mar phoiblíocht dá saothar féin agus mar fhoinse do phobal uile na leabhar. Tráchtar ar chuspóirí an togra san alt seo a foilsíodh nuair a bhí an buntaighde déanta ar bhonn an eolais a bhí ar fáil ar líne.

Cé acu scríbhneoirí Gaeilge a bheidh sa Bhunachar?

Beidh gach scríbhneoir Gaeilge a líonann an ceistneoir agus ar foilsíodh ar a laghad leabhar amháin leo sa Bhunachar, ina measc, filí, úrscéalaithe, gearrscéalaithe, criticeoirí, staraithe, scríbhneoirí taistil agus tuilleadh. Beidh drámadóirí agus scriptscríbhneoirí san áireamh, ar léiríodh a saothar ar stáitse nó ar chainéal aitheanta. Beidh eagarthóirí ar chnuasaigh leabhar ar an liosta, mar aon le haistritheoirí a chuir leabhar i nGaeilge. Ní áireofar údair leabhar a sholáthraítear don chóras scoile amháin, áfach.

Mar bhuntreoir, má tá d’ainm ar chlúdach leabhair mar scríbhneoir, mar eagarthóir (nó comheagarthóir) nó mar aistritheoir go Gaeilge, cuir an saothar sin san áireamh le linn duit Ceist 7 sa cheistneoir a fhreagairt, le do thoil. I gcás drámadóirí, ní gá gur foilsíodh an saothar mar leabhar, ach gur léiríodh ar stáitse nó ar chainéal aitheanta é.

Amach anseo, d’fhéadfaí leathnú ar na réimsí a bheidh sa Bhunachar, má bheartaíonn an tAontas tabhairt faoi sin agus an maoiniú a bheith ar fáil chuige. Tuigimid freisin nach furasta freastal ar gach réimse scríbhneoireachta nuair a leagtar síos catagóirí, seánraí leabhar is eile, ach creidimid go mbeidh ábhar luachmhar anailíse ar fáil ón togra, go háirithe má ghlacann na céadta scríbhneoirí páirt ann ó thús.

Leagan amach an cheistneora don Bhunachar

Beidh an Bunachar ag brath ar na sonraí a chuirfidh scríbhneoirí Gaeilge ar fáil sa cheistneoir gairid atá ag an nasc seo: https://www.surveymonkey.com/r/3HC5GDR Glacfar leis an gceistneoir comhlíonta mar cheadú óna scríbhneoirí a gcuid sonraí a fhoilsiú ar líne sa Bhunachar, a bheidh ar fáil ar shuíomh nua gréasáin Aontas na Scríbhneoirí níos déanaí i mbliana.

Rinneadh gach iarracht an ceistneoir a leagan amach go simplí agus fós freastal ar an réimse eolais a bhí á lorg. I gcás gur mian le scríbhneoir eolas breise nó míniú a thabhairt ar aon fhreagra, tá bosca dar teideal ‘Aon eolas eile’ ar fáil ag deireadh an tsuirbhé.

Rinneadh a lán plé agus comhairliúcháin roimh ré ar na seánraí leabhar agus drámaíochta atá sa roghchlár i gCeist 7. Ní raibh aon bhealach soláimhsithe ann le gach seánra agus fosheánra a chur san áireamh, áfach, agus tuigimid go mbeidh bearnaí ann i gcás roinnt saothar. Is féidir leas a bhaint as an mbosca ‘Aon eolas eile’ chun sonraí breise a chur ar fáil.

Nuair a dhéanfar scagadh ar na sonraí, beidh an deis ann fosheánraí a thiomsú ina mórsheánraí: mar shampla, gach sórt úrscéil (bleachtaireachta, staire &rl) a áireamh mar ‘Úrscéal’, agus gach sórt leabhair don aos óg a áireamh in aon rannóg amháin. Ach is fiú an mioneolas a bhailiú freisin.

Is ar mhaithe le cumarsáid idir an tAontas agus na scríbhneoirí a iarrtar seoladh rphoist i gCeist 8. Ní fhoilseofar na seoltaí seo mar chuid den Bhunachar.

Dualgais maidir le cosaint sonraí

Comhlíonfaidh Aontas na Scríbhneoirí gach treoir agus dualgas dlithiúil maidir le cosaint sonraí do na scríbhneoirí a líonfaidh an ceistneoir. Tá treoracha don chur chuige atá riachtanach le fáil ar an suíomh www.cosantasonraí.ie.

San fhómhar 2018 atáthar ag súil an suíomh nua gréasáin, agus an Bunachar mar chuid de, a sheoladh go poiblí; agus cuirfear an méid sin in iúl do na scríbhneoirí go léir a líon an ceistneoir. Má iarrann scríbhneoirí go ndéanfaí ceartúchán nó scrios ar a gcuid sonraí sa Bhunachar, féachfaidh an tAontas chuige sin laistigh de thréimhse míosa. I measc na ndualgas a bhaineann le cosaint sonraí, tá úsáid oiriúnach a bhaint as sonraí, beartais slándála ar líne in aghaidh rochtana neamhúdaraithe, agus deimhniú ar chruinneas na sonraí mar aon le huasdátú más cuí sin a dhéanamh.

Gabhaimid buíochas mór le gach scríbhneoir atá ag glacadh páirte sa Bhunachar, leis na foilsitheoirí agus leis na daoine eile atá ag cabhrú an t-eolas a scaipeadh agus le Foras na Gaeilge a chuir maoiniú ar fáil don togra. Má tá ceist ar bith agaibh maidir le Bunachar na Scríbhneoirí, míle fáilte rphost a chur chuig annaheussaff@gmail.com